Maidir le Time.is
Ar Time.is tig leat:
- Fáil amach cad é an t-am ceart faoi láthair i 7 milliún áit timpeall na cruinne
- Dearbháil cé chomh beacht is atá do chlog féin
- An t-am in áiteanna éagsúla a chur i gcomórtas le chéile
Mar aon leis sin, gheobhaidh tú anseo:
- Féilire
- Amanna éirí na gréine agus luí na gréine
- Eolas faoi cén crios ama ina bhfuil áit lonnaithe
- Eolas faoi na laethanta saoire atá inniu ann agus cad a dhéantar ar an dáta seo
- Domhanleithid agus domhanfhaid
- Google Maps comhshuite agus le lánscáileán
- Eolas faoi dhaonraí
- Eolas tábhachtach faoi gach tír ar domhan
Oireann Time.is go maith do ghléasanna móibíleacha. Baineann sé feidhm as leithead banda íosta agus tá an dearadh curtha in oiriúint do scáileáin bheaga.
Cruinneas - comhaimseartha le ham clog adamhach
Tá Time.is comhaimseartha le clog adamhach - an fhoinse ama is beaichte ar domhan. De ghnáth, beidh cruinneas 0.02-0.10 soicindí ag an am a thaispeánfar. Braitheann an cruinneas ar do cheangal idirlín agus cé chomh gnóthach is atá do ríomhaire.
An fáth a bhfuil Time.is beacht
- Taispeánann Time.is an t-am don áit a braitheadh a bhfuil tú nó don áit is mian leat, ní an t-am de réir mar a bhraitheann clog do ríomhaire é.
- Tá an freastalaí a dhéanann óstáil ar Time.is comhaimseartha le ham clog adamhach.
- Cuireann Time.is é féin in oiriúint le ham coigilte sholas an lae fiú mura ndéanann clog do ríomhaire é sin.
- Déantar Time.is a nuashonrú i gcónaí leis an bhfaisnéis is déanaí maidir le hathruithe am coigilte sholas an lae agus athruithe ar chriosanna ama.
- Ní hamháin go ndéantar an t-am a thaispeántar a nuashonrú gach soicind, ach déantar é a nuashonrú ag tús gach soicind. Deanann líon mór cloig ghréasáin, agus fiú an clog i gcórais oibriúcháin éagsúla, na soicindí a nuashonrú ag am treallach laistigh den soicind, agus rachaidh sé ar seachrán nuair atá an ríomhaire gnóthach, agus is éard a bheidh mar thoradh air sin ná go léimfidh an t-am ar aghaidh dhá shoicind nuair a bheidh soicind bainte amach ag an seachrán.
- Má athraíonn tú clog do ríomhaire, déanfaidh Time.is comhaimsearú nua.
- Tá Time.is á óstáil ar fhreastalaí faoi leith atá nua-aimseartha agus tapa agus a sheachadann an leathanach iarrtha chomh luath is ar féidir.
- Tá an cód i gcomhair Time.is bearrtha agus éadrom agus ar an gcaoi sin, déantar aga folaigh mar thoradh ar cé chomh fada is a thógann sé ar an leathanach luchtú agus léiriú a dhíothú.
- Cinntíonn comhaimsearú trí Ajax an cruinneas is mó.
Séanadh
Is é an cuspóir atá ag Time.is ná bheith ar an bhfoinse ama is beaichte, is iontaofa agus is furasta le húsáid ar an ngréasán. Cé go ndéanaimid ár ndícheall chun faisnéis cheart a chur ar fáil, ní thugtar aon bharántas, agus is ar do phriacal féin atá aon úsáid a bhaintear as faisnéis arna sholáthar ag Time.is. B'fhéidir nach iad na huimhreacha daonra na cinn is déanaí. Má fheiceann tú aon bhotún ann, cuir scéala chugainn!
Buíochas le
- Geonames.org as ucht a mbunachar sonraí le breis agus 7 milliún ainmneacha áiteanna
- Gach duine a chothabhálann agus a chuireann le Bunachar Sonraí Crios Ama IANA (go háirithe Arthur David Olson, Paul Eggert agus Derick Rethans)
- Seanán Ó Coistín don aistriúchán Gaeilge
- LEATSA as ucht feidhm a bhaint as Time.is!
Is é Even Scharning do chruthaigh Time.is / North Code.
Clóaghaidh chlog Time Traveler le Pål Syvertsen.
Bunachar Sonraí Chriosanna Ama
Braitheann Time.is ar shonraí criosa ama ó Bhunachar Sonraí Criosa Ama IANA. Déanaimid ár ndícheall i gcónaí chun Time.is a choinneáil nuashonraithe leis an leagan is déanaí de Bhunachar Sonraí Crios Ama IANA. Nuair nach mbíonn Bhunachar Sonraí Crios Ama IANA bord ar bhord leis na forbairtí crios ama is déanaí, déanaimid deisiúcháin shealadacha.
Tá Time.is ag baint feidhm as leagan 2024b de Bhunachar Sonraí Creasa Ama IANA (deisíodh é do Paraguay). An nuashonrú deireanach: 2024-12-22